Scoil: Lios Uí Ghrifín (uimhir rolla 12227)

Suíomh:
Lios Uí Ghrífín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seosamh Ó Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 479

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lios Uí Ghrifín
  2. XML Leathanach 479
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Is uaidh leis a fuarathas na giotaí a leanas...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    (2) Trí neithe a bhaineann le bligeárd -
    Feirc ( (?) sideways)
    Feadaoil
    Fiosracht

    (3) Na trí h-eisg is mire -
    Roch (skate)
    Rón (seal)
    Ronnach (mackeral)

    (4) Na trí rudaí is géire -
    Dealg murlaigh (?) ( thorn in stagnant water)
    Fíachal con (Hounds tooth)
    Focal mná

    Trí rudaí nac féídir deunamh 'na n-éaghmais
    An cat
    Simné
    Bean a' tíghe

    Trí rudaí nac féídir a fheiscint
    Faobhar
    Gaoth , agus
    Gradh

    Trí rudaí nách féidir fhoghluim
    Guth
    Féile, agus
    Filidheacht

    Trí rudaí na tagann meirg ortha
    Teanga mná
    Cruidhte chapaill bhúisteára
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Tadhg Ó Réagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cléire, Co. Chorcaí