Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “Tuireamh an Phaoraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gan suairceas ceannais, is dearbhtha ríomhaid péin.
    26.
    Péin a's masla go dtagaig gan spás ad' thaobh
    A bháis a chamarthaig chleasaig na gcruadh-chos gcaol
    Is mór a chreachais, agus níor b'annamh ar cuaird leat é.
    Agus an luan-scrios scamail seo chathais an shluaigthibh Gaedheal.
    27.
    Na Gaedhil id dheascaibh, is aindeis a gcúrfaí saoghail
    In Éirinn fhairsing - na mairbh san úir ag éigheamh
    Beidh mílthe ar barra - ana chuid bodhar a's caoch
    A Phaoraig chneasta ó leagadh do lámh mo léan.
    28.
    Is léan dá mairean do mhairbh chomh hóg it aos
    Scór ar dathad. a ceathair, a dó 's a h-aon
    Ba mhór do thairfe dá mairteá suas chun céad
    Ag riaramh na n-anam chun seasamh i láthair Dé.
    29.
    Sé Dia thug gradam dhuit, mar Shamson do fuairis sway.
    Nú Jób rug a anam gan scamal le dóchas saor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)