Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 572
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triur fear ann uair amhain, agus bullán an duine acu. Bhidís ' a n-úsáid chun a bhfeirmeacha do threabhadh. Bíodh beirt des na fearaibh ag tabairt iasacht a mbulán dá céile Ach an bullán a bhí ag an tríomhadh fear bhí sé mór agus laidir agus bhí sé in dom treabhadh in a Aonas. Ar a ádhbhar san bhíodh talaimh a bhir seo treabhtha abhfad roimh an mbeirt eile gach bliain oir bhíodh ortha san uanaideacht do dhéanamh ar a chéile. Bhíodh se i gcómhnuidhe ag magadh futha agus sa diere d'eirighdear ar bhuile cuige agus do chinneadar ar é a mharbhú.
Bhíodh an fear seo, a mháthair in a gcómhnuidhe in éinfeacht le ceile. Bhíodh eisean 'na chodladh sa chistin agus ise sa t-seomra. Do fuair se amac go raibh an bheirt eile chun é do mharbhur an Oidhche seo agus do dhein sé malairtiú len a mháthair. Do tháinig a bheirt isteach, do mharbhaighdear an sean bhean agus do chaitheadar isteach i bpoll óir do cheapadar gur a mac abhí acu.
An lá in a dhiaidh sin bhí iongnadh an domhain ortha nuair a chinnachadar an fear ag gabhail timcheall agus é chómh slan, a bhí sé ríamh. Ac do chinneadar ar iarracht eile a bheith acu. Do bheiread ar isteach cuige an Oidhche seo, do ghreamuighdear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Leiginn
- Inscne
- Fireann