Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe (uimhir rolla 12542)

Suíomh:
Páirc an tSimné, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Duinnshléibhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 462

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 462

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe
  2. XML Leathanach 462
  3. XML “An tAm Fadó”
  4. XML “Coláiste le Gaeilge in Eochaill”
  5. XML “Cleachtadh Fiú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is seo mo lámh dhuit, cara dhil
    Is tabhair dom lámh go deó.
    Is ólamuis aon ghloine mhaith
    Ar son an t-am fadó.
    Bríd Ní Cillín a thug "An t-am fadó dom. Fuair sí í i dTuir Mhic Eadaigh i 1912.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Coláiste le Gaedhilg i n-Eochaill
    (File gan ainm do chum)

    Tá an Gaedilg arís go ceannasach fé mheas ag buidhin na Fodla
    Ní fhuil easonóir na tarcuisne dá thagairt leí níos mó (a)'gainn;
    Acht óg is aosda ag formad go toilteanach le dásach,
    Ag feucaint cé na ciaca 's mó molas is go grádhas í

    Más áil libh togha 's siogha oideacais seo cuireadh dhíbh go h-Eochaill
    Tá oide múinte clisde ann sár-oilte feidhmeamhail foghanta
    An té do chaitheas sealadh ann is maise dho go deo é
    Mar tugann blas na teangan leis go ceasda milis modhmharach

    I n-eaghmuis léighinn buan-tairbheach is aiteasach an áit sin
    Tá feoithne fíor na farrge faoi bhratacha na mbarc ann
    Tá sláinte féile is fairsinge 's gan dearmhad céud fáilte
    'S na radharca is breághtha i mBanba chum taisdeal libh a cáirde.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.