Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe (uimhir rolla 12542)

Suíomh:
Páirc an tSimné, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Duinnshléibhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Prátaí”
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)
  6. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Prátaí
    Prátaí deasa, deasa, deasa.
    Is lán an talman ann díobh,
    In iúil chun biadh chun síol, chun margadh
    Gan sceócán, criochán na falcaire
    Ach amháin prátaí deasa, deasa, deasa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Cad é sin a cluinim uait, ...

    Cad é sin a cluinim uait,
    A dhuine sin is binne glór
    Níl toirmeasg ins an meisge seo,
    ach luaidheacht mór.
    Tá an oiread san aice de's na buadhaibh is mó
    Go gcuireann sé ionat san duine bheadh cruaidh go leór
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Cailín agus buachaill go mór le céile...

    Cailín agus buachaill go mór le na céile i gan fhios dá mhuintir.
    Tháinig an garsún go tig an cailín lá chun [?] fhághail
    Ní raibh fhios aige go raibh athair an cailín 'stig agus 'd'eitigh an cailín mar seo tuas -
    Ní meisge is leisge liom,
    Ach leisge an mheisge d'feicsint orm,
    Bin ndégh bhugh is cliste an ceann
    Is ní tagann an meisge gan mí-greann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.