Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe (uimhir rolla 12542)

Suíomh:
Páirc an tSimné, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Duinnshléibhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 456

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 456

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe
  2. XML Leathanach 456
  3. XML “Maidin Aoibhinn Fómhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maidin aoibhinn Fhoghmhair,
    is mé ag gabhail an bhóthair síos,
    Do casadh cailín óg orm,
    'Sí ag crúdh a bó, cois claidhe,
    Bhí a cúl buidhe, mar an ómra,
    Agus scáíl a róis, n-a píop:
    "Is mo chúmha gan mé agat pósta
    A chailín óg mo croidhe!"

    "A inghean óíg, na bíodh cás ort,
    Ná buadhairt i lár do croidhe;
    Mar gheóbhair-se an t-slighe seo i mbáireach,
    S cuir céad fáílte roimhe.
    Socraigh suidheachán árd fúinn,
    I n-imeall, nú i lár an tighe:
    Tóg do hata, id láimh dheis,
    Is gheóbhair do ráca airís."

    "Is maith an féar 'sa bhFoghmhair, mé,
    Do'n té, go mbeadh gnó aige dhíom,
    Do dhéanfainn cruach, nú stáca,
    Nú chuirfinn scóip ar chlaidhe
    Do threabhfainn iomaire bhán duit,
    Nú chruithfinn gráinne an tsíl:
    'S do chasfainn súiste im láimh dheis,
    Má gheobhaim mo shásamh díol."

    Domhnall óg Ó Ceallacháin do thóg síos, ó bhean
    Michillí Geibheannaigh, Maoilín,
    i gCarraig na bhFear
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall óg Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Michil Uí Geibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Millín, Co. Chorcaí