Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-éan sceinnte. Nuair a bhíodar ag fágaint an tighe dubhairt an driothair b'óíge, "de an chúis nár rug sibh air nuair a chonnaich sibh é ar an mbothar." Dubhairt gach duine acu ná feachadhar é ar aon chor. Do bhí amhras acu ar an amadán agus do mharbhuigheadar é nuair do chuadar abhaile. Deirtear go bhfuil rian na fola ar an bhfalla fós.
Do bhí droch-chrioch ag gac duine acu. Do bhí duine acu ag piocadh spionán insan gáirdín agus chonnaic an driotháir eile é. Rith sé i comhair an ghunna agus do mhairbh sé an driothair laithreac, mar shíl sé gurbh gadhaighe a bí ann. Do bhí duine eile acu ag siubhal cois na h-abhann lá agus do bhí dhá choin ar éill aige.
[ tá cuid den scéal seo ar leachnach 314]
chaitheadar isteach san abhainn é. Do bhí driotháir eile ag léígheamh leabhair cois na h-abhainn, do thuit sé isteach agus do baghadh é. Tá síad curtha i reilg Cill Atha. Dubhairt an sagart go mbeadh leaghadh cubhair na h-abhann ortha, agus do fíoradh an tarngaineacht. Tá an scéal seo ag gach aoinne timcheall na háite.- Bailitheoir
- Muiris de Barra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Aichidh, Co. Chorcaí