Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír (uimhir rolla 3269)

Suíomh:
An Ladhar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Halladáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “Nósanna”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uibhe do chur romhat sa pháirc, níl aon rud níos measa chun sochair na bliana do bhreith uait. Deintí é sin go minic nuair a bhíodh galar ar chearcaibh nó ar aon ainmhidhe eile. Deintear fós é i n-áiteannaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Denis Bowler
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    An Chúil Rua Mhór, Co. Chorcaí
  2. Seo paidir ba cheart a rádh nuair a dhúisfeá sa leabaidh ar maidin Dé Domhnaigh:-

    Céad fáílte romhat, a Rí an Domhnaigh, a Chinn Óra na seachtmhaine. Céad agus fiche míle trí díograis na n-aspol duit, mac dúch Eon Baiste glaodhaim Peadar agus Pádraig, a Shlánathóír na soillse, tar linn agus Márta i n-eagla na h-uaire ná beadh ré 'guinn ó'n mbás bocht. Cúitímís na peachaí agus leanaimís na grásta. Go Flaitheas Dé téanam agus glaodhaimís Muire Mháthair, Muire Máthair na Bainríne, d'á saoradh le na deagh oibreacha. A Mhichíl Aingil, m'ainm feínig a thánaig le teagasc ó Pharrathas naomhtha chun cuileachta an Aifrinn beannuighthe d'éisteacht, ó n-a h-uírnighthe ná tabhair ar aon rud. Thánaig a dream ar a sliabh d'ár bhféuch-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.