Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír (uimhir rolla 8665)

Suíomh:
An Ladhar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Síle, Bean Uí Chéilleachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír
  2. XML Leathanach 093
  3. XML “Lá Le Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thuit Lá le Stiofáin ar Dé Domhnaig an blian seo caithte. Tháinig buacaillí go dtí ár dtig an lá sin ag bailiú airgid chun an dreóilín do chur. Bhí craobh cuillean in a lamhaibh acu agus bhí ribíní ceangailthe mór thimcheall air chun é a mhaisughadh agus bhí dreoilín istig i lár baill ann. Bhíodar ag canadh "Amhrán an Dreóilín". Tháinig beirt fear comh maith agus bhí agaidhthe fidil ortha agus bhí culaith éadaig stracaithe ortha. Bhí gleás ceóil aca agus bhíodar ag seinnt air. 'Sé an fáth a bhítear ar thóir an dreóilin an lá sin na san. Nuair a bhí na saighdúirí ar thóir Naomh Stiofáin do thóg sé sos fé crann. Nuair do chonnaich sé na saighduirí ag teacht do rith sé suas an crann agus tháinig na saighdúirí agus shuidheadar fé'n gcrann agus ní fhacadar Naomh Stiofáin in ao'cor.
    Bhí dreóilín in áirde ar an gcrann agus do dhein sé fothrom le'n a sgiathán agus d'féuch na saighdúirí suas agus do connacadar Naomh Stiofáin agus do rugadar air agus do caitheadear cloca leis agus do marbhuigheadear é agus marbhuigheann na buacaillí an dreóilín ó shoin i leith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shuibhne
    Inscne
    Baineann