Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 242
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí duine bocht ag siúl roimis agus ní bhfuair sé bheith istigh in aon tigh faoin tráthnóna.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Flaitheas Dé ach fhaid atán tú ag baint an [?] den dorus" "Ba mhaith an rud é" arsan feirmeóir "Dá bfaighinn trí bliana in a dhiaidh é." Do shuid sé síos agus dubhairt an feirmeóir suipéar a thabhairt do. Nuair a bhí sé ag imtheacht ar mhaidin dubhairt an feirmeóir leis "Ní gádh dhuit bheith istig a lorg in aon cor má [?]ghabhann tú an treó go bráth airís ná iarr bheith istig in aon tig ach dein fé dhéin an tige seo". Do ghaibh sé a bhuidheachas leis agus [?] sé air.
Do gaibh sé an treó airís i gcionn blíadhna agus tháinig sé fé dhéin an tighe [?] do shuid sé síos in aice na teine agus d'fíafruigh sé chonas bhí fear an tighe "Ó mhuise" arsa bean an tighe "tá sé curtha le cúpla mí" "Ó mhuise" ar seisean "Tá ana cathú orm na dhiaidh".
Chuadar a chodhladh agus amach san oidhche do bhuail fear aníos chun na teine agus tharraing sé cathaoir leis in aice na teine. Dubhairt sé leis an fear bocht "ná bíodh aon eagla ort ní déanfad aon dioghbháil duit" "B'feídir arsan fear bocht gur tú fear an tighe. "Is mé" Do fuairise do guidhe muna [?] mé féin." "Mhuise chad a dheinis féin?" ar seisean Dubhairt gur mhaith an rud liom Flathas Dé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Liam Mhic Sheáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí