Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 060
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus Arran Banners. Is íad na Kerr's Pinks an saghas is fearr díobh.
Dheinidís Starch" de prátaí fadó. Seo mar deineadh é. Deineadh na prataí do ghrátáil ar dtúis le gráta stáin agus annsan cuireadh fé uisce íad ar feadh uaire no mar sin. Annsan deineadh an t-uisce do sgagadh agus cuireadh níos mo uisce anuas ortha agus fágadh mar sin íad go ceann cúpla uaire eile. Bheadh an t-uisce sin go maith chun Starch do chur ar bhonaí agus éadaighe cláir nú aon rud eile.
Deineadh Stampaí de phrátaí fadó. Seo mar a deineadh é. Deinead na prátaí do níghe go glan ar dtúis agus annsan deineadh íad do grátáil le gráta stáin. Annsan deineadh íad do mheascad le plúr agus cuireadh ag bácáil íad ós cómhair na teine amach i gcoinnibh lice bige glaise.- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Goillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí