Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí muc aige agus bhí sé ana-chenamhail ar an muic agus do bhíodh ál banbh aice sa bhliadhain. Na banbhaí a bhíodh aice bhídís níos fearr ná aon bhanbhaí eile ar an aonach. Ach sé an rud a thuit amach ná gur chuaidh sí amú air agus do lorg sí i ins gach aon áit ar fuaid na paróiste agus do theip air i d'fhághail.
B'é nós na paróiste sin ná aon lánamha a bhí le pósadh do glaoidhtí trí Domhnach ó'n altóír sar a bpósfaí íad. Ach an Domhnach deirineach a glaodhadh íad do cheap fear na muice gur b'é an mhuc a bhí á glaodhadh agus dubhairt sé "An raibh spota dubh ar a thóin, a athair" agus le na línn san cuireadh suas gean gáirí agus do rith an cúpla a bhí le pósadh amach an doras mar cheapadar gur umpa féin a gháir an pobal.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí