Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 034
- XML “Filíocht i nGan Fhios”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is tóin an chait sa ghríos."
- In Inid is mó a phósann na daoine san áit seo. Is íad Luan agus Aoine na leatheannta atá mí-rathmhar cun pósta agus is í Bealtaine an mhí atá mí-rathmhar cun pósta, dar le daoine.
Aon cailín a phósann san Inead ní théigheann sí abhaile go dtí go mbíonn an Cargaos críochnuighthe.
Deintear cleamhnaistí im cheanntar-sa agus tugtar airgead mar spré. Buachaill go mba mhaith leis bheith pósta le cailín éigin cuireann sé scéal an cleamhnais go dtí athair an chailín. Annsan tagann muinntear agus cáirde na beirte le céile i dtig an chailín agus socruigheann síad ceist na spré. Dá mbeadh deic mba ag an mbuachaill geibheann sé trí chéad púnt nú mar sin leis an gcailín agus dá mbeadh fiche bó aige geibheann sé dhá uair níos mó ná san.
Do bhí pósaidhthe ar siubhal ins na tighthibh timcheall troichad bliadhan ó shoin. Thagadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ní Ghúl
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Óinigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Goillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí