School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 033
- XML “Filíocht i nGan Fhios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeoir i dTuath na Droman fadó. Bhí sé féin is a bhuachaill a' dul go dtí an t-aonach le tarbh. D'éirigheadar i ndeire na h-oidhche. Chuaidh an buachaill amach agus d'fhéach sé tímpal air. Do tháinig sé isteach agus dubhairt go raibh an chráin tareis beirthe.
"Cá bhfuil na banbhaí" a dubhairt an máighistir.
"Níl aon bhanbh ann" a dubhairt an buachaill. "Is dócha gur dh'íth na mucha eile íad."
"Téighir amach arís" arsan máighstir "féach an bhfeicfeá aon rud eile."
Do chuaidh agus d'fhill sé isteach
"Do leag an tarbh cruach na tuighe" ar seisean.
"Tá filíocht agat" arsan máighistir
"Níl" arsan buachaill "na ní raibh riamh.
"Is beag ná go bhfuil bhéarsa déanta agat" arsan máighistir "Ní mó duit dul amach arís agus féach cad eile a chífir.
Cuaidh sé amach arís agus d'fhill isteach.
"Ní fhaca pioc" ar seisean "ach fuacht agus siuc. Tá na réilthíní ar dearg-lasadh ná feiceann tú tóin an chait leis an dteine.
"Tá bhéarsa déanta agat" arsan máighistir is do labhair mar seo:-
"D'ith na tuirc na h-airc
Do leag an damh an tuighe,
Na réilthíní a' cur sheacha,(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Address
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
- Informant
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Inse Ó Suibhne, Co. Chorcaí