School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 031
- XML “Seán Máistir Ó Conaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Seán Máighistir Ó Conaill na mháighistir scoile scailpe i d-Tuaith na Droman ó 1780 go dtí 1810. Do chúm sé amhrán breágh ag moladh an Ghaorthaidh nuair a thárlaidh dó san oidhche ar bhruach na Laoi. Seo an t-amhrán:-
"Bhí géana ar linn ann míolta is garra phuic
Éisc ag tigheacht de dhruim gach caise acu
Naoscaigh, faoilinn, scéimheal de lachannaibh
A tigheacht gan eagla tracht ó'n spéir.
II
Tá mórán Éireann éan ná feadarsa
Ag déanamh neaduighthe ar bhárr na gcraobh
An fiolar 's cuach agus mór cuid eadtarra
Go suanmhar seasgair faoi scáth na gcraobh
An druid as an creabhar ar chrann eile na h-aice sin.
An Ciarsach sleamhain is an seabhac breagh beathuighthe
Cáig agus colúir ina dtrúpaibh a' taisteal ann
A's smólaigh breacha 'na n-árus féin.
III
B'ionghantas riamh liom triall no h-aicme-seo
Ag Cliaraidheacht sealad le h-áilneacht scéimh.
Foithin a's biadh go greanmar taisgithe
Fial gan easneamh le fághail a's réim
Bhí measradh na slaod ar ghéagaibh daraighthe
Ubhla caora, sméar agus abhairne(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghúl
- Gender
- Female
- Address
- Drom Óinigh, Co. Chorcaí