Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “An Gaorthadh Cois Laoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall trí mhíle lais tiar theas do Mhaghchromtha ar thaobh an bhóthair ag gabháil tré dhúthaigh áluinn Ínsegeimhleach, Béal Átha an Ghaorthadh agus Céim an Fhiaidh atá an Gaorthadh.
    Baile fearann fada fairsing atá ann agus abha na Laoi ag rith tré na lár agus coill cnódhmhar chlúthmhar ar gach taobh de. Is minic a thugadh an choill seo díon agus fothain do na créatúiríbh bochta a bhíodh ar a gcoimeád ó géir-leanamhaint an t-Sasnaigh sa droch-shaoghal.
    Nuair a scaoileadh Dochtúir Ró Oirmidhneach Tomás Ó h-Iarfhlaithe as priosún Thúir Lonndain trí impidhe Cormaic Mhic Thaidhg Mac Cárthaigh thánaig sé go caisleán Mhaghchromtha. Nuair d'éirigh sé cortha de shaoghal an chaisleáin thóg sé bóthar beag suarach dó féin ar imeall an Ghaorthaidh. D'fhan sé ann san an chuid eile dá shaoghal agus fuair sé bás sa bhliadhain 1580. Tá sé curtha i gCill Chré.
    Do chómhnuigh Seán Ruadh an Ghaorthaidh sa Ghaorthadh leis nuair a bhí sé ag teicheadh ó shaighdiuiribh agus spiadóirí na mbodraí gallda a bhí i gcómhacht mar Thighearnaí Talmhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Drom Réidh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Iarfhlaithe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí