Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 027
- XML “Béaloideas - Scéal a Bhaineann le Piseoga”
- XML “Seanfhógraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buacaill.
Chuadar amach san iotlainn arís gan aon buicéad. Thug gach aoinne fé ndeara ina diaidh sin an radarc mór coirce a tháinig síos tríd an ineall
B'shin é coirce a cómharshain béil doruis a thóg sé uaidh isteach san inneall buailte cuige féin tré cómhact an diabhail. Ní raibh aon choirce ag an gcomarsain béil doruis sin an bhliadhain sin. Sin é mo sgéal-sa agus má tá bréag ann bíodh ní mise a cú na a cheap é. - Mise Éamonn Cúntún
Na dein an botún
Ach glaoidh isteach chugham
Ag ceannach an lóin
Gheobhair arán bán gnoidhe
Minchoirche breágh bhuidhe
Bhainfidh ceo ded' croidhe
Gan casadh an nóin
---------------
Ceannuigh deagh-rud agus beidh agat saor-rud
Ceannuigh droch-rud agus bí gan aon rud.