Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Conas a Fuair an Laoi A hAinm”
  4. XML “An Sullán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do réir bealoidis - na ndaoine nuair a bhí Naomh Fionnbarra i n-Gúgán bhí ollphiast sa loc bheag atá ann.
    Do rug sé ar fear darb ainm Loinín agus do mhairb sí é. Do dhíbir an Naomh as an loc í. Chuaidh na daoine ar a thóir agus d'fhág sé cnámha loma Loinín ag easach idir Béal Átha an Ghaorthaidh agus Gúgán.
    Nuair a bhíodar ag iarraidh teacht suas léi bhíodar a rádh.
    "Tá sí annsan na luighe! Tá sí annsan na luighe!" As san deirtear a glaodhadh an Laoi ar an abhainn.
    Siobhán Ní Bhuachalla
    Ráthlaoich
    Maghchromtha
    (28-2-1938)
    ó Seán Breathnach O.S.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Laoi, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    35
    Seoladh
    Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
  2. Suaimhneachán do'n Laoi isead an Sullán. Is ó Shléibhte Dhoire na Sagart a thagann an abha so agus teangmhuigheann sé leis an Laoi dhá mhíle soir ó Mhághchromtha. Do reír béaloidis na ndaoine bádthar aoinne amháin ar a laighead ann uair ins gach seacht mbliadhna. Sar a mbádhann an duine cuireann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.