School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 339

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 339

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 339
  3. XML “Micil na Pinse”
  4. XML “Na Gíorcaig”
  5. XML “Jack Nasty”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lár baill iad do luigheadar cois claidhe chun go bhfeicfidís cad d'imtheóchadh ar Mhicil. Níor bhfada gur airigeadar ag teacht é ar saothar isteach go dtí na steipeanna. Do rith leis go maith go dtí gur tháinig sé chómh fada leis na púróga beaga. Nuair a sheasaim sé ortha d'imthig a chosa uaidh agus isteach leis ar bhior a chinn agus an ciseán móna anuas air. D'imthig an mhóin leis an uisge agus nuair a tháinig a anál chun Micil sé an cead rud dubhairt sé.
    "Dar m'anam ó'n sgiach - níor dhein aoinne riamh é ach Seán Fiadhain nú Duinsín Phaidí Bháin."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá baile fearainn i n-iarthar Chúil-Aodha ar a dtugtar an Ínse Mhór. Tá aon fheirmeóir déag 'na gcómhnuidhe ann anois ar fheirmeacha beaga a saradh agus a réidhtigheadh amach as na sléibhte agus na portacha as táid maith go leór compórdach ann. Ós cionn céad bliain ó shoin níor chómhnuig ann ach aon fhear amháin. Aodhaire a beadh é a bhíodh ag tabhairt aire do bha seasca as do chaoire. Sé an áit 'nar chómhnuigh sé ná i mbothán beag ag bun Carraig na Spideóige. An fear gur leis an áit do bhí sé 'na chómhnuidhe ins na Milíní agus bhí na Milíní aige óChrois na nGabhar siar. Fear tábhachtach a b'eadh é san am san. Do briseadh ann é i gcionn tamaill agus níl aoinne dá shliocht 'na cómhnuidhe ann anois ach tá roinnt díobh ar fuair na paróiste fós agus na gíorcaig a tugtar ortha. Duine den sliocht sin a b'eadh Paid Buidhe Ó Loínghsigh an píobaire agus an file.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.