Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Dó Aoil”
  4. XML “Coinnle”
  5. XML “Cailleacha na nGlaotaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    anuas air. Chuirfeá sráth cloch-aoileach anuas ar sin. Srath móna anuas air sin airís a's leanamhaint air sin chun go mbeadh an teinaoil lán agat. Annsan do thabharfá teine do'n bhrosna a bheadh thíos na bhun thabharfadh san teine do'n mhóin. Dhóighfeadh an mhóin an chloch-aoil Nuair a bheadh teas ceart sa chloch-aoil dhóighfeadh sí féin a chéile. Nuair a bheadh an cloch-aoil na bhun dóighte d'fhéadfá an leac a thógaint as an bpoll agus bheith ag tarrach amach an aoil le sluasaid. D'réir mar a bheadh an t-aol ag tuitim d'féadfeá srathanna cloch-aoil agus móna do chur isteach na bharra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Gheóbhfá geir na bó agus do leighfeá i gcorcán é. Do bhíodh múnla ag cuid des na daoine. Do seasóchtha an buaiceas istig ann agus chaithfeá é choimeád led' mhéaranna chun é choimeád díreach. Do dheanfá an geir leachta do scaoileadh isteach le guga beag chun go mbeadh an múnla lán. Nuair a bheadh sé lán tairigeóchta amach é. Cuma eile do sháthfeá an buaiceas isteach sa gheir leachta as é tharrach aníos arís. Nuair a bheadh sé cruaidh do sháithfeá síos arís é as bheidfeá á sháthadh síos as a tharrach aníos go mbeadh tois coinnill ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. déanamh coinnle (~728)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí
  3. Cailleach a b'eadh í a bhíodh thall in an nDoirín Gaibhleach agus i mBogach na Ceannfhionne agus i mBogach na dTarbh. D'airightí go minic í san oidche ag glaodhach "Hé Thaidg Uí Shúiliobháin pú-ú-ú" a's uaireannta sheineadh sí port beag le na béal.
    Uair amháin tháinig roinnt daoine go dtí Bogach na Ceannfhionne ag goid smailín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.