Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Tithe”
  4. XML “Seanamhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    I gcuid des na tighthe bíodh an teine i lár an úrláir a dtreó is go bhfeadfadh na daoine suidhe tímcheall uirthe. Ins an chuid eile is amhlaidh a bhíodh falla treasna a tighe agus seómra ar leath amháin agus an cistin sa leath eile. Bhíodh an teine i gcoinnibh an fhalla san. Ní bíodh ach doras amháin i ngach tig agus fuinneóg nú dhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seanamhráin

    Lá as me ag taisteal liom féinig

    Lá as me ag taisteal liom féinig
    Thar bharra Cgúil-Aodha as mé ag rith
    'Seadh chúala allagat béithe
    A chuir iongnadh 'gus éacht orm
    Mná tíghe ag casadh le chéile
    'S sméarta bhí a mbéal le fuil
    'S iad ag casadh le chéile
    Conas a roinnfidís féin an mhin
    II
    As d'réir mar thuigeas-sa féinig
    'Sí beití bhí doarta sa choir
    A's mo chómhairle dá ndeineadh sí féinig
    Go gcéasfadh sí inchinn beithe acu
    As ba mhó an damant d'aoinne
    A chuid beatha go léir do ghoid
    As mo thruagh-sa bathas na béithe
    Do gearradh le faobhgar a choit.
    III
    Do ghluais a' caise go h-éasga
    Go n-abraimíd féin an fhuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí