Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ceist.
    Féuch suas mo dhaid mór as caipín dearg air.
    Freagra
    Simné tré theineadh.
    Ceist.
    Súid sa chúinne é as dhá chéud súil air
    Freagra
    Corcán anbhruithe.
    Ceist.
    Tá tig sa gháirdín a's do raghadh na mílte isteach ann a's ní bfagainn-se slíghe ann ná leath do mo chuid éudaig
    Freagra
    Criuceóg beach.
    Ceist.
    Is cruinne é ná do ceann a's is sia é na míle crann
    Freagra
    Cearthlín snáth
    Ceist.
    Tobarin fíor uisge ar fíor bhárr an t-sléibhe fuinneog gloine 'gus dorasín cré.
    Freagra
    Súil
    Ceist.
    Trí cosa i n-airde dhá chois ar thalamh ceann an duine beó i mbéul an duine mhairbh.
    Freagra
    Duine agus corcán ar a cheann
    Ceist
    Sean-duine beag donn a's a bhothán air a dhrom aige
    Freagra
    Seilmide.
    Ceist.
    Lán páirce go ghamnaibh bána a's gamhain mór dearg eadtra istig.
    Freagra
    Fiacla agus teangadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do théigheadh daoine ó Bhaile Mhúirne agus ó aiteanna i gCiarraidhe go dtí Luimneach fadó ag bainnt prátaí. Pé in Éírinn é do chuaidh Eoghain Ruadh go dtí feirmeóír
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Muirneach Beag, Co. Chorcaí