Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Amhrán - An tSeanbhean Bocht”
  4. XML “Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    As sgaoil uait amach go reamhar iad mo shean-bhean bhocht,
    As arís ar theacht na Bealtaine beidh meeting mór a's rogha 'gat,
    Agus tiocfaidh rí na camfadh ort mo shean-bhean bhocht.
    (4)
    Níl a saoghal ar fad chómh suairc ag an sean-bhean bhocht,
    Mar bíonn eagla leath chluaise ar a' sean-bhean bhocht,
    Nuair a labhrann sí ró stuacach le coc i dtig na stuaice
    Fághann an bata fan na guailne mo shean-bhean bhocht.
    (5)
    Ní fhéudfadh rí na bainrioghan an dream so do stop,
    Faid atá Domhnall Creed mar ceann ortha a's é ag dabhas chúghainn le h-olc,
    Tá tuille 'cu sa ball so do bheadh go breágh a's go sleamhain leat,
    As go bfáiscidís an t-sreang ort mo shean-bhean bhocht.
    (6)
    An bhfanfadh sibh go Bealtaine as bhur dteangacha do stop,
    D'imtheóchainn-se as mo ghamhnacha gan clampar, gan olc,
    Soir sa baille galldha mar tá an fheirm tailimh geallta dhúi.....
    Mar gur truime an ceart atá ann nó an samhaisc dúrtha annso.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí caillichín na sliseála thall in "Átha Bhuaidh" in aice na Rátha agus do airigheadh na daoine í ag sliseáil éadaigh gach oidhche. Do bhí callichín thall I nDoirí leis agus do bhí sí ag sliseáil éudaig in aice na habhann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Muirneach Beag, Co. Chorcaí