Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “An Gorta”
  4. XML “Gaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuige gach maidean agus chaitheadh sé féin dul chuige. Tháinig sean-duine an treó agus cuireadh amach sa chró é sin leis.
    Bhí cailín bocht ag fághail bháis leis an ocras agus d'airig sí go mbíodh an bainne ar an bhfuinneóig. Tháinig sí ag triall ar agus thóg sí deoch ach cailleadh í tamall 'na dhiaidh san. Tar-éis roinnt aimsire fuair an sean duine bás agus bhí sé ann ceithre lá sara raibh sé de mhisneach ag aoinne dul ag triall ar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear 'na chómhnuidhe i nGleann Fleisge tímcheall céad bliadhain ó shoin. Conaí Fada a thugtaí ar. Fear ana láidir a b'eadh é agus d'fhéadfadh sé aon rud ba mhaith leis a bhreith ar a dhrom leis.
    Bhí sé féin agus fear eile gurab ainim do Liam ag cur coirce lá. Rug sé mála coirce trí céad ar a dhrom agus céachta fé na asgail agus d'imthig sé leis fé dhéin an ghuirt. Nuair a bhí sé imthighthe tamall do chas sé thar n-ais "A Liaim" ar seisean" is dócha go mbéarfairse an chuing leat." "Bhuel" arsa Liam "ba chóir go mbéarfainn."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí