Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Piseoga”
  4. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa cuiginn agus ní raibh puinn ime ann agus thosnuigh sí ar smaoineamh "Cad 'na thaobh go bhfuil buaidhreamh ort a bhean?" arsa an sagart. Dubhairt sí leis gur cheap sí gur cheart níos mó ime a bheith aice. "Tá sá annso istigh" ar seisean ag baint an clúdach de'n tobán. Bhí trí rolla ime ann agus smearóid istigh i ngach ceann acu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tímcheall na bliadhna 1847 a bhí an gorta ann ach ní an uair sin a bhí an gorta i mBaile-Mhúirne i n-aon chor. Do lobhaidh na prátaí ins na puill sa mbliadhain 1843. Níor chuir morán daoine iad an bhliadhain 'na dhiaidh san agus na daoine a chuir ní raibh a leithéid de phrátaí riamh acu. 1845 bliadhain an ocrais. Ní raibh aon ocras annso nuair a bhí daoine eile ag fághail bháis.
    Do thug an tighearna talmhan min bhuidhe uaidh an bhliadhain 'na dhiaidh san. D'itheadh na daoine cabáiste agus turnopaí. Geibhdís sprait agus sgadáin uaireanta. Bhí líon-tíghe amháin ar Cúil-Aodha agus tháinig an t-éagcruas ar dhuine acu. Cuireadh amach i seana cró é. Cuirtí árthach bainne ar an bhfuinneóig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí