Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Scéal mar gheall ar Phúcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus cuir sé na suidhe shuas sa chúinne í, agus bhí an fear bocht go mórálta mar bhí an tubaist ar na sean-mnáibh riamh agus beidh coidhche. Ní rabhadar sásta nuair ná raibh urleabhartha aice. Dubhairt Mac Uí Chaorabháin go raibh sé féin sásta go maith nuair a bhí sí na beathaidh aige.
    Ní leogfadh eagla d'aoinne óg ná aosta dul dtaobh amuich den doras go dtí go dtáinig an lá geal. Do bhí an sgéal go maioth acu as san amach agus i gcionn seacht bliana do fuair bean a' tighe úrlabhra airís. Ní raibh a thuille muirighin acu as san amach. I gcionn tamaill do thosnuif an cailín beag ar dul ar sgoil, síos go Béal Átha an Gaorthaidh agus cailín beag gleoidhte deas ab'eadh í. Bhí feirmeoir eile na chómhnuidhe sa chós céadna le n'aois agus bhí beirt mac aige Conchubhar agus Seán agus b'é Seán an té ab' óige acu. Bhí sé féin agus an cailín beag a' dul agus a' teacht ó sgoile gach lá le chéile agus bhí cion seoidh acu ar a chéile. Nuair a dhruideadar amach tímpeall h-ocht mbliana déag nó as san go dtí fiche. Do bhíodar ana mhór go léir le chéile.
    Do tharranígheadar suas cleamhnas idir í féin agus Conchubhar driotháir Sheáin.
    Do bhí a h-athair is a mháthair sásta le Conchubhar deacht na cliamhain isteach chúcha, do deineadh an cleamhnas gan moill agus do pósadh iad san am san. Is i dtig an cailín a póstaí gach aon (cailín) lánamha san am san. Tar éis iad do phósadh d'fhan an sagart ag an bpósadh. Ar maidin nuiar a bhí an lá ag gealadh isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge