Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)measann tú áireamh orainn ná bhfuileann tú cómh meathad is go gcreidfeá go bhfuil siad ann". Do labhair seanbhean a bhí sa chúinne is dúbhairt sí "Airiú" a tháilliúir ar sise ná bac an toice sin lean ar do sceul tá fios againn go léir go bhfuil siad ann agus gur agat-sa atá an fhírinne". "Tá siad ann mhuise" arsa an táilliúir. "Tá an saoghal lán díobh" agus creideann an cailín seo go bhfuil siad ann ach measann sí cur 'na luighe orainn go bhfuil misneach beag aice agus ná beadh aon eaghla púcaidhe uirthi.""Geallaimse dhuit dá mbeadh uirthi gábhail amach anois agus dul leath mhíle ón dtigh gur b'olc an saighdiúir í" Do dhírig an cailín í féin agus bhain sí searbh aiste féin. "Dár fiadh" ar sise ná bheadh seáth ná eagla orm gábhail amach anois agus fanamhaint amuich go maidin amáireach ba chuma liom cad é an treó no cad é an áit go dtabharfhainn mo agaidh agus ní bheadh aon eagla púca orm is mó go mór an eagla a bheadh orm roimh daoine beó na daoine marbhú."
"Cuireadsa geall leat mhuise" arsan táilliúir "go bhfuil áit i ngiorracht leath-mhíle d'on tigh ná raghair ann agus teacht thar-nais arís Cuireadsa geall ná raghfá go roilig Bhaile Mhúirne agus teacht tharnais arís" "An mór é an geall arsa an caillín is ragadsa ann" "Púnt leat" arsan táilliúir. "Tabhair dom púnt dom' tuarasthal" arsan cailín le bean a' tíghe. D'imthig an bhean-tíghe ag soláthar an phúint agus faid a bhí ag a fhágail tháinig a chainnt do dhuine de lucht na scorúidheachta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmaid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí