Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 062
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 062
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí Ár Slánuightheóir agus an Mhaighdean Mhuire ar a dteitheadh ós na Iúbhdaidhig. Ghabhadar tar páirc 'na raibh daoíne ag cur coirce agus dúbhradar leis na daoíne nár gádh dhóibh ínsinnt d'aoinne go rabhadar annso.
Amáireach a bhí chúghainn ghaibh na Iúbhdaídhig cun na páirce ceudhna agus bhí na daoíne ag baint an choirce leó D'fhiafruigheadar do's na daoíne an bhfeacadar aon bheirt ag gábhail thar bhrágaid. Níor labhair aoinne focal ach bhí seanduine ann is dúbhairt sé go bhfeacadar iad an lá a bhíodar ag baint an coirce. Dúbhairt na Iúbhdaídhig nárbh aon mhaith é sin mar bhí leath bliadhain imthighe o shoin.
Sar a raibh uain acu a thuille do rádh labhair daradaol is dúbhairt sé"Indhé indhé do cuireadh an gort."- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Bhí fear ann fadó dár b'ainm Deán Swift. Duine uasal a beadh é is bhí sé ag dul o áit go h-áit. Bhí capall agus d'oir do giollla a bheith aige chun an chapaill a chomáint. Chuir sé fógra sa pháipéir a rádh gur theastuig giolla capaill o Déan Swift agus má bhí aon ghiolla ag lorg máighistir leigint do teacht. Ar maidin lár na mháireach tháinig triúr chuige. Dúbhairt sé leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)