Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Toradh na Foidhne”
  4. XML “Géilleadh Oisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    is an cailín aimsire suas ag tórramh an leinbh.
    Tréis tamaill bhuail chúcha isteach beirt fhear is shuideadar síos. D'fhiafruig sí do dhuine acu an fada uatha an lá Dúbhairt sé sin leis an nduine eile "A síogh an domhain cad é an t-am é." "Eirig" ar seisean "a bhean foidhneach is beir leat a chodhladh do leanbh." Níor chuir sí aon t-shúim ann. Dhúbhairt sé arís is arís é. Mheas an bhean gur ag magadh fúithe bhí sé ach lean sé air á rádh. Fé dheire chuaidh an bhean anonn chun an bhúird is ann a chonnaic sí an leanbh slán folláin is é 'na sámh codhladh D'imtig an bhean léi ina codhladh agus rug sí léi an leanbh agus is sí bhí go sásta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mhínigh Naomh Pádraig an creideamh do Oisín ach ní chreidfeadh sé go raibh no go bhféadfadh Dia bheith níos feárr ná na Fianna. Chaith an naomh alán ama ag réiriú do ach ní ghéillfeadh Oisín do in aonchor in aonchor. Mar seo lá ba mhór é an t-aragóint a eirig eatartha is ghaibh roinnt feirge ar an naomh. Le cómhachtaibh Dé d'eirig leis teinteacha Ifrinn do thaisbeáin do Oisín is nuair a chonaic Oisín bocht an Fhiann uile ag loisgeadh istig tháinig tocht mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.