Scoil: Gurrane (C.) (uimhir rolla 14840)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (C.)
- XML Leathanach 374
- XML “An Gandal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Um thrathnón' indé seadh chualas-sa sgéal
Ar sgafaire gléigeal gandail
D'imthigheadh thar cail i nimiol móinfhéir
'S do thugadh roint féir na chabhail leis
Tá duine'r an mbaile go ghéilfidh mé 'ainm
A's gheáruigh sé madra donn leis
Ba thruagh libh a dhearcadh nuair síneadh é marbh
'S is dóigh liom gur strachadh an ceann de.Is é dubhairt Tomás nuair airigh sé a thásc
Ciarrbhadh air, níor ghádh dhó an sghannradh
I dtaobh aon t-saghas fághais ní raibh sé le fagháil
Mura raghadh sé ag snámh nú ag damhas ann
Ní raibh ins an áit ach tuinneacha báidhte
Ní stadfadh préachán ná seabhach ann
Go ndéintear é bhádh, é chrochadh nú lámhach
An té thug anabhás dom ghandal.Do bhí sé sgafánta cuamasach láidir
Chuirfeadh sé bláth ar ghéanaibh
An té chídhfeadh gach lá é ag taisteal na mbánta
Chuirfeadh sé áthas cléibh air
Osna mo chroidhe mar tá 'gam le hínsint
Go bhfuil sé gan bhrígh lag traochta
Táim creachta gan puinn de shaibhreas an t-saoghail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Gharbháin