School: Gurrane (C.) (roll number 14840)
- Location:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín Ní Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (C.)
- XML Page 365
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean déirce agus a fear amuigh fén dtuaith lá. Fúaradar galún bainne ó bhean fheirmeóira. Bhíodar ana tuirseach agus shuidheadar ar cloch ar thaobh an bhóthair. Thosnuig an fear ag cnámhseál nuair nár eirigh leó níos fearr i rith an lae. Ná bí ag cnáimhseáil arsan bean. Díolfaimíd an bainne nuair a shroisfimíd an baile mór agus déanfaimíd airgead di. Ceannóimíd cearc leis an airgead beirfidh sí uibhe agus cuirfhimíd na h-uibhe ar gor agus bead ál sichíní. Bearfhaidh siad alán ubh agus deanfhaimíd alán airgead. Ceannóimíd gamhan leis an airgead. nuair a dhasaidh an gamhan beidh gamhan aici agus beidh macha breádh bó againn.
Díolfaimíd na ba agus ceannóimíd tig breágh leis an airgead agus beimíd ana fial leis na bochtaibh. Ní bheimíd arsan fear agus gach scraiste daoimhín a chífiadh geóbhaidh sé barra na bróige úáim. Tharrig sé cích dar leis agus slán mar a n-ínstear é cad a bhúail sé ach an galún bainne agus ní raibh aon rud aca annsan.- Collector
- Cáit Ní Chathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an Phúca, Co. Chorcaí