Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (uimhir rolla 10272)
- Suíomh:
- An Muine Fliuch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr filí ann fadó. Is iad na h-ainmneacha a bhí orthu ná Seán na Buille, Seán na Tuille agus Seán na Raithíní. Thánadar go Drochad Mhaghchromtha lá. Ní raibh aon drochad an uair sin. Thosnuigh Seán na Buile ar chaint
"Is minic d'airigheas," ar seisean, "go n-imtheochadh fear buile trí thuile 'n-a tháin-rith."
Labhair Seán na Tuille annsan agus dubhairt sé:
"Ach do thógfadh an tuile fear buile le fánaidh."
Annsan do labhair an fear eile, an tríomhadh fear:
"Pé aca fear buile nó fear tuile a raghadh trí thuile n-a tháin-rith
Ní bheadh pioc díobh uile ná beadh fliuchta ná báidhte."- Bailitheoir
- Síle Ní Rinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ní Rinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Cathair Bhioráin, Co. Chorcaí