Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (uimhir rolla 10272)

Suíomh:
An Muine Fliuch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh)
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-fhocail
    Cuimil leis an lom agus cuimleochadh an lom leat
    Bíonn an fear deireannach díoghbháladh
    An rud a scríobhann an púca léigheann sé féin é
    A scéal féin scéal gach éinne
    Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán
    Tuigim agus ní léighim ach tuigeann fear léighinn leath-fhocal
    Luighe leis an uain agus éirigh leis an éan
    Nuair a bhíonn an fíon istigh bíonn an ciall amuigh
    Baineann dia an druim de'n ualach
    Is deochair olann a bhaint de ghabhar
    Is deachair giorrfiadh a chur as an dtor ná bíonn sé
    Cat breac agus broc donn cas cam cam-earballach ag rith i ndiaidh dá cheann déag de chata breaca agus de bhroca donna casa cama cam-earballacha. Cioca do na cata breaca broca donna casa cama cam-earballacha raghaidh le n-a gcuid go dtí na cata breaca, broca donna casa cama cam-earballacha. Mise, arsan cat breac broc donn cas cam cam-earballach, a raghaidh le n-a gcuid go dtí na cata breaca broca donna casa cama cam-earballacha
    Mar a mbíonn mná bíonn cainnt agus mar a mbíonn lachain bíon gleó
    An té is lugha eolas is é is mó cainnt
    Níor bhris focal maith fiacal riamh
    Seanduine beag donn is a bhothán ar a dhrom - Seilchide
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge