Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (uimhir rolla 10272)

Suíomh:
An Muine Fliuch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh)
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Cailín Deas Crúite na mBó”
  4. XML “An Cnoicín Fraoigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá bhfaghainn-se árd tighearnas na h-Éireann
    A's éadacha síoga 'gus sróil
    Dá bhfaghainn-se an bhainrioghan is aoirde
    Dá bhfuil ar an dtalamh so beó
    Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dhom
    Píolátaí caisleáin agus ór
    Do b'fhearr liom bheith bocht ar dhruim sléibhe
    Ag cailín deas crúidhte na mbó
    Mara bhfuil sé im'chomhair-se bheith taobh leis
    An dé-bhruinneall dhílis úd fós
    Is daoirseach dobrónach mo shaoghal so
    Gan suairceas gan éifeacht gan treó
    Ní bheidh sólás im'chroidhe-se ná im'intinn
    Ná suaimhneas ceart oidhche ná ló
    Go bhfeiceadh lem' thaobh ó n-a muinntir
    An cailín deas crúidhte na mbó
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Cnuicín Faoigh
    Maidin aoibhinn shuairc dom ar thaoibh Cnoc na Stuaice
    A's mé ag féachaint soir ó thuaidh ar Árd na Binne Duibhe
    Mar a mbíonn guth na cuaiche 'san faoileán ó'n gcuan ann
    Ímpire agus uain ann dá leagadh age lucht grinn
    Bíonn caoirigh geala 's uain ann laoigh agus na buaibh ann
    Broc n-a luighe uainn ann agus fasc aige ó'n síon
    Bean-tighe stuamdha 's í ag síor-gabháil uainte
    Creididh uaim gurb' uaisle ná'n Cnuicín Fraoigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge