Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 302A
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Ar aonach ceart na Samhna do cheannuigheas blúire ghamhna, Díor bhuaileas riamh ar cheann é ar ceannrach ná ar cnámh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ag an am san de'n lá.
Nuair a b' am dom bheith ag gluaiseacht
Ní raibh sé ann ná a thuairisg;
Sé dhéinidís de thruagh orm -
"A bhfuairís é 'riú 'Sheáin?!"
Dailthiní na tuaithe a' rádh -
"Sin an bóthar suas é"
Agus blúire 'mháin dhá thuairisg
Ní bhfuair Seán bocht go lá.(gan teideal)
“Bhí fear in a chomhnuidhe cois na farraige i gCúirt Mhic an tSéafraigh.”
Bhí fear in a chomhnuidhe cois na fairrge i gCúirt Mhic an tSéafraigh. Chuaidh sé amach maidin amháin agus fuair sé láir amuich sa pháirc roimis. As an bhfhairrge a tháinig sí ist'oidhche. Choimeád sé í ar feadh seacht mbliadna agus bhí searrach aici gach bliadhain. Dhíol sé gach searrac díobh ach amháin an seachtmhadh ceann.
Lá amháin bhí an láir amuich sa pháirc aige agus bhí sé ag treabhadh léi. Chuir sí suas stailc. Bhuail sé í. Chuir sí sgread aisti. As gach áird tháinig searrach, go dtí go raibh na seacht gcinn bailighthe ann agus céacht nó bráca ceangailte do gach ceann díobh. Nuair abhíodar go léir bailighthe ann b'eo leo agus an mháthair ar tosach agus súid chun na fairrge leo. Ní fhacathas ó shoin iad.