Scoil: Clanna Caoilte (B.) (uimhir rolla 12286)

Suíomh:
Cloich na Coillte, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Ó Síthe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clanna Caoilte (B.)
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Tuirse na nGabhann”
  4. XML “Labar Ó Loingsig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bhioráin. Deineadh an biorán sa t-slighe ná raibh aon dul aige oscailt gan an éadach a strahcadh, mara mbogfadh lámh duine é. Ghaibh sí buidheachas leis an gabha agus ghuid sí chun Dé an tuirse a bhaint de'n ghaba agus dá shliocht go deó. Sin é an chúis Tuirse na nGabhann ar na Buachaillí Bó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tamall ana mhór ó shoin tháinig rí anall go h-Éirinn agus Labar Ó Loingsig a b'ainm dó. Bhí dhá chluais capaill air agus de réir dlighe na h-aimsire úd éinne go raibh máchail air ní raibh cead aige bheith in a rígh. Cheill Labar an mháchail ar na daoine. Scaoileadh sé le fás a chuid gruaige i dtreó go gclúduigh-eadh sí na cluasa. Chun ná beadh an ghruaig liobarnach ghearradh sé uair sa bhliain í. An té a bhearradh gruaig an rí cuirtí chun báis é, dá bhrígh sin níor mhaith le h-éinne ceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mr John Keohane
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béalad Thoir, Co. Chorcaí