Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Bláth na Gréine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    préacáin ag neadú ortha aimsear gadhtorach a bhí ar na preácáin bochta. Do bhiodar i bhfeidhil gearrcaig agus ag breith biad chucha ó gach áit agus nuair a chonnacadar an t-eorna tánadar anuas as na crannaibh agus piocadar é agus tugadar dos na gearrcaig é. Do cuir an bladh seo deireadh leis na gearrcaig. Mhairb an biotáille iad agus do chuir sé na préacháin ar meisce go dtuiteadar anuas de's na crannaibh agus do bhí a dhá sciathan sínte amach ag gach ceann aca mar a bheadh siad marbh. Tháinig an taoiseach agus rug sé ar deich gcinn 's dachad acu, agus cur sé isteach idtig iad marb ar meisce. Do bhí taoiseach eile 'na chomhnuí in aice Ruis san am ceadna agus bhí crainn breáh ag fás in aice a thighe agus ní raibh aon préachán ag neadú ortha agus cheap sé da raghadh sé ag triall ar thaoiseach, Bláth na Gréíne go bhfaghadh sé na préacháin na coill féin mar tá sé ráidhte gur ráthúil préacháin a bheith na gcomhnuí le tais tighe mhóir. Tháinig sé go Bláth na Gréine agus d'iarr sé na préacháin ar an taoiseach. "Geobhair iad arsa an taoiseach ach finneáil agus an costas díol thar a gceann." "Agus bhfuil finneáil ortha arsa Taoiseach Ruis. "Tá arsa taoiseach Bláth na Gréíne "Pingin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí