Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Tigh Tábhairne an Chairn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chúntúir. Amach an doras le 'raon airís agus ní stadadar go ndeachaghadar go tig cómhnuithe fir a an tábhairne - mar bhí tig cómhnuithe ag fear an tábhairne seachas an tig tábhairne - bhí muinntir an tighe sin na gcodladh agus do dhúisig seana Mac Liaim iad, agus d'innis se d'fhear an tighe gur fhág sé doras an tábhairne oscailte na dhiaidh agus gur fhág sé solus ar lasadh ann. Dubhairt Seán Tóibín - b'in é ainm fhir a' tábhairne dubhairt sé le Mac Liaim gur dhún sé an doras agus gur cuir sé an glas air agus go raibh an eochair 'na phóca aige, agus gur cuir sé an solas in éag.
    Ach chuadar a gceathrar airís, Seán Tóibín agus a bhean, agus Liam agus a athair, chuadar chun tig a' tábhairne, ach má cuadar ní raibh solas ná rian solais ann rómpa ac' an doras dúnta agus é fé ghlas. Ní raibh duine na madra le feiscint.
    (Tá sé suas le 60 bliain ó thuit se amach)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall de Brún
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    An Léim, Co. Chorcaí