Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 208
- XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach dubhart Seán Ó Donnchadha go neosfadh an gaduí sa bhfaoisdin do'n Sagart é. Chuaidh sé ag iarraidh ar a' sagart ar innis a leithéid sin d'fhear sa bhfaoisdin é, agus dubhart a' sagart leis ná feadfadh sé sin a innsint. Dubhart Seán Ó Donncadha leis go gcaithfeadh sé é innsint, agus dubhart a' sagart leis ná déanfadh. Is beag a cúirteanna, bhí san am san ann, ach ceann thall sa bhfus, ach bhí ceann i Ros Ó Cairbre pé in Éirinn é. Chuir Seán Ó Donncadha "Summons" air síos chun na cúirte bhí i Ros agus do chauidh a' sagart síos, agus chuaidh Seán Ó Donncadha síos. Well! do ghlaodhadh a' chúis agus dubart a' Sagart i ná féádfadh sé a leithéid sin d'innsint. Well, ní raibh a thuille sa chúis agus do tháinig Seán Ó Donncadha abhaile agus d'ith sé a dhínnéar. Nuair a bhí an dínnéar ithte aige dubhairt sé leis an mbuachaill a' bád a churi amach sa bhfairrge, go raghadh sé ag bádaeracht. Ní raibh sé fiche slat amach sa bhfairrge é féin 'sa bhuachaill nuair a iompuig a' bá agus chuireadh amach sa bhfirrge an bheirt acu, agus do cailleadh Seán Ó Donncadha agus chuaidh a' buachaill saor, agus ní bhfuaireadh aon tuairisc ar an mbitheamhnach olc, maith na ' naoi. Is amhlaidh a thug a' sagart droch guidhé éígin do, tá fhios agat. Chaill a 'sagart é nuair a chuaidh sé ró-chruaidh air.Well do dhein File bhéarsa annsan:-"Is mó a' scéul, do Chlanna Gaedheala(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann