Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “An Giorria Draíochta”
  4. XML “Séamus Ó Cathaláin - File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go maith os cionn fiche míle thar sliabh 's riasc. Bé an fiadhach ba thréine dá bhfeaca-sa riamh. Muinntir "Galway" ó'n Sliabh shoir a bhí na mbun san. Bhí gadhair ar firac ar fuaid an bhaile ar feadh seachtmhaine 'na dhiaidh san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Séamus Ó Cathaláin, file.
    Ó'n Léim do beadh Séamus. File a beadh é agus is dóca go raibh sé chómh maith le h-aon ceann acu. Níor bhuaidh aoinne riamh air ach aon bhean amháin. Bhíodh sé ag déanamh boscaod. Do thug sí adhbhar boscaoid de shlataibh chuige agus chaith sí ar an úrlár iad, agus d'fhéach sé ortha."A" adubhairt sé" ní dhéanfadh drochadhbarach droch-mhuc."A" adubhairt a' bean "do thabharfadh beatha maith suas í"
    San droch-shaoghal ní raibh aon rud aige le n-ithe, agus d'iompuig sé leis an Ministir, agus do thug an Ministir fuighleach soup agus feóla annsan do.
    Well, nuair a chuaidh an saoghal i bhfeabhas annsan d'iompuig sé tar-nais agus thíos san séipéal thíos annsan a iompuigheadh thar n-ais airís é.
    Do chúm an Cathalánach "buachaill bán"dá cuid féin.Bhí go leór bhéarsaí ann. Is minic chuala mo mháthair a chanadh agus í ag imtheacht léi féin ar fuaida'tighe. Bhí a lán de agam féin uair amháin leis.Ní cuimhin liom ach an méid seo anois.
    "Clann na féile ó Tulla Naosga
    Thug belt's baenet d'o'n bhuachaill bán,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.