Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cúig gadhair roimis amach. Bhí an cuid eile dhíóbh buailte amach. Siar fan an bhóthair a bhí na h-uaisle eile ag dul, ach do lean an fiadhaidhte díreach ar thóír an madra ruaidh an t-am ar fad. Nuair a tháínig sé aníos chugham d'fhiafhruig sé díom a bhfaca an seana bhuachaill agus dubhras leis go raibh sé thíos ag an gcabhlach thíos um an dtaca san. As go bráth leis airís thar claidhteacha agus carraigeacha nuair chualadh sé an méid sin. Do chonnaic thíos in aice leis an gcabhlach é, agus thóg sé an bhóíthrín 'sa dhá claidhe d'aon leím amháin. Pé scéul é soir ó thuaidh i dtreo Loch a' Dubhluig a imthig an madra ruadh. Nuair a tháínig sé chómh fada leis an loc isteach leis ann agus lean ag snámh gur shrois a bruach thall. Aon ghadhar amháin a bhí fágtha sa tóir um an dtaca so agus do chaill sé siúd an tuairisg mar a chuaidh an ropaire isteach sa loch. Béigin don bhfiadhaidhe é glaodhach tímcheall agus é thabhairt do airis ar an mbruach thall. Pé scéul é suas ó thuaidh thar Cnoc a' Chéim Mhóir leis agus an t-aon gadhar amháin 's an fiadhaidhe ar a thóir fós agus nuair a chuadar thar a' gcnoc cailleas-sa an radharc a bhí agam ortha ó Coill na Conanaighe anall agus treasna, agus n'feaca a thuille iad. Chuala gur lean an madra ruadh air agus um theacht na h-oíche, nár stad sé go deo gur ealuig sé uatha san doircadas isteach i gcoill na h-Uadaighe in aice leis an Sgibrín. B'shin fiadhach dhuit a bhuacaill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Partalán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí