Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “God Keep Jim So”
  4. XML “An Sprid ar Dhoichidín na bhFraochán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "God relieve you" a mheas sé a rádh, ach dá bhfeadfadh "Ivy" a bhí ós a chionn in áirde a shroiseint bhí sé lámhachtha ar an spota aige. Bhí "God keep you so" mar focal magaidh ag muinntir a' Droma ar feadh i bhfaid na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí buachaill an uair agus bhíodh sé ag dul ag imirt cártaí gach aon oidhche agus dubhairt a mhuinntir leis go ngeobhadh rud éigin air sar a stadfadh sé na cártaí. Bhí dhá ghadhar madra acu agus do théigheadh an dhá ceann len a chois gach aon oidche. Ceann de na h-oichdheannta bhí sé ag teacht agus bhí sé déanach go maith san oidche, ag rith suas lena dó dheag a chlog agus mar sin an comhgar a thug sé ar féin abhaile. Mar sin béigin dó a aghaidh do thabhairt ar droichidín na bhfraochán atá trí míle soir ó thuaidh ó Ros ó Cairbre, sa mball go mbíodh an Sprid gach aon oidche. 'S amhlaidh do sheachnuigheadh sé an cúrsa seo d'aon gnó gach oidche eile. Pé scéal é ní túisce ar an ndroichead é ná gur léim a' sprid chuige. "Hulla hull" "hulla hull" adubhairt sé leis an dá gadhar a bhí aige. An cheád scúit a thug a' Sprid dimthig a' dá gadhar ar buile leo féin, agus ar go bráth leo chun a thighe abhaile agus d'imthigheadar ar buile isteach fé'n gclár nuair a thánadar isteach. Bhí muinntir a' tige suas ag seitheamh leis a' gcearrbhach fós agus nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.