Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuairisg (?) ar beithidheach na h-oiche aréir, do thánadar i gceann a chéíle airís agus dubhradar go raghadís ag cuardach an t-saidhbris an t-ath uair.Seo chun obair airís iad agus ambasa féin ní rabhadar i bhfad ann nuair do tháínig fathadh sathadh de bheachaibh ruadha isteach an chuan airís chucha agus dóbair go gcaochfaidhe dall iad leis na beacha ag sáthadh a gcealgaí ionnta. Dá mhéid an deithineas a bhí ortha aréir chun bóthair ba sheacht mhó an dithineas bhí ortha indiu, i gcorp an lae glé-ghil, a rith le na n-anam ó na beacha. Nuair dfáadar na beacha do thánadar i gceann a chéíle airís, do'n triú uair, agus bhí seanóir na measg. Diarmuid Mór Ó Dhonnabháin a b'ainm do, agus dubhairt sé gurbh é toil Dé an dhá soluíd úd do thuit amach aréir agus indiu. Má rithfeadh leo an t-ór d'aimsiú d'oscladiís na málaí" dubhairt sé chun é roinnt eatorra.
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí