Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Na Francaigh i dTeampall Mhírois”
  4. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhí an lómhach go leír ithte acu atá ag fás mór thímcheall na carraige, fuaradar go léir bá leis an dtart. B'shin deire na franncaig roilge Mhidhrois ar an Dubha lic agus ní fheaca duine na daoraidhe aon franncach i roilg Mhídhrois riamh ó shoin.
    Bé an fáth gur chuir Seán Máíghistir Ó Coileáín na franncaig as an roilig i dtosach ná gur chuir duine éigin geall leis ná díbreóchadh sé iad fé mar a dhein píobaire na Gearmáine, ach do dhein.

    ó Seán Mac Cárthaigh
    Achadh Tobar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí long ó'n Spáinn ag teacht ó thaobh theas 'Mheiricá go dtí tí na Spáinne agus lán d'ór agus d'airgead á dtabhairt ag triall ar Rígh agus ar Rialuightheóírí (?) na Spáinne. Nuair a bhí sí leath slighe idir an Domhan thiar agus an Európ do thuit fear breóíte ar bhórd. Cúpla lá na dhiaidh sin do thuit fear eile breóíte indiaidh sin airís thuit fear eile agus an fuireann go léir in dhiaidh a chéíle, agus an captaen chómh maith leo, ach amháín an triúr ba shine ar bórd. Bhíodar go léír sínte amach ins na leabthacha agus ní rabhadar ábalta ar aon obair a dhéanamh, ach an triúr sláíntúil ag tabhairt aire dhóíbh, ag feistiú na luinge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.