Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ó dúbhairt an rí nuair a connaic sé á deanamh "Ce'n fáth go ndeineann tú san "Ó adubhairt sé ní gnátach liom sa, an smuga a cur an pócha in aon cor." adubhairt sé. Do thriall sé abhaile tréís trí nó ceithre de laetheanntaibh, agus na cáípéísí aige, ar a raibh na coinghíll 'na phócha aige. Well do bhí an aimsear go h-olc agus go h-ana olc is dóca agus do goideadh caoire ó Seán O Donncada agus ni fheadair sé cad dimtig ar gcaoire ach chuaidh á (?) caoire amú pé in Éirinn é, ach d'airig sé gur fear áirithe bhí sa ball, bhí droch-tuairisc air gurb é a goid a caoire uaidh ach ní rabhdar siureálta ach dubhairt Seán O Donncadha go neosfadh sé sa bhfaoisdín don sagart é. Chuaidh se ag iarraidh ar a sagart ar innis a leithéid sin dfear sa bhfaoisdín ó, agus dubhairt a sagart leis ná feadfadh sé sin a innsint. Dúbhairt Seán Ó Donncadha leis go gcaithfeadh sé é a innsint, agus dubhairt a ' sagart leis na déanfadh. Is beag a cúirteanna, bhí san am san, ach ceann thall is 'bhfus ach bhí ceann sa Ros pé in Éireann é. Cuir Seán Ó Donncadha "summons" air síós cun na cúirte. Bhí sa Ros agus do chuaidh a ' sagart síos agus chuaidh Seán O Donncadha síós. Well do ghlaodhadh a cuis, agus dubairt a sagart ná feadhfad sé a leithéad sin d'innsint. Well ní raibh a thuille sa cuis agus do tháinig Seán O Donncadha abhaile a dith sé a dinnéir, agus nuair a bhí a dinnéir itthe aige dubhairt sé leis a ' mbuacaill a bád a cur amach sa bfairrge, go ragadh sé ag bádóireacht. Ní raibh sé fiche slat amach sa bfairrge é féín 'sa bhuacaill nuair a iompaig a bhád agus(leanann ar an chéad leathanach eile)