Scoil: Gallach Dumha (Galladoo), Cill Crócháin (uimhir rolla 6403)

Suíomh:
Na Gabhla Dubha, Co. Chorcaí
Múinteoirí:
Cáit Ní Loingsigh Cáit Ní Dhálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0285, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0285, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gallach Dumha (Galladoo), Cill Crócháin
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Pisreoga”
  4. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    PISEOGA AR LEAN:-
    ní leigfeadh na sean daoine dí dul isteach i seomra gan solus istoidhche; ní leigfí dí codladh ar an dtaobh amuigh de'n leaba (when beds were placed by walls or partitions) mar deirtear nach dtiocfadh sí slán as an gcontabhairt.
    6) Ní leigfí páiste óg gan bioráin ina chuidh éádaigh ar eagla na bpúcaí
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. BAINTNE AGUS TORTHAÍ TALMHAN
    - im, uibheacha srl.
    1) Duine a beadh ag dul go dtí an margadh le h-im nó le h-uibheacha ní raghadh sé isteach idtigh feirmeora ar a shlighe dhó mar ní bheadh im ná uibheacha ag an bhfeirmeoir dá raghadh. - sé sin ní cheart dubheacha do thabhairt isteach agus iad do thabhairt amach arís.
    2) Dá mbeadh beidhidheach a ghortiugheadh tré thionóísg agus go mbarbhochtaí é le n-ithe, ní thabharfaí aon bhlúire de'n bhfeoil do fheirméoir bhéal dorais mar bheadh an mí-rath ar a chuid stuic in a dhiaidh sin.
    3) Dá mbeadh na muca ag fágáíl bháís ag duine chuireadh sé píosa de cheann acu i gclaidhe an chomharsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.