Scoil: Gort Uí Chluana, Beanntraí

Suíomh:
Gort Tí Cluana, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán 7 Tadhg Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0285, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0285, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Uí Chluana, Beanntraí
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Cleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An cleas a leanas: Bhíodh sé ag na páistí sa ceanntair seo bliadhanta ó shoin:-
    Thógadh ceann acu cipín, agus chuireadh sé cheann de sa teine. Nuair a bheadh sé dearg, thógadh sé amac é agus shíneadh sé do'n té ba ghiorra dó é, agus deireadh sé.
    Seo mo birín dhuit birín beo - birín marbh.
    Má geibheann mo birín bás idir do dhá láimh,
    Bíodh an trom trom ort,
    Sicin circe ag siubhal na muinge
    Cos léi briste, is beart uirthi.
    Tógadh an duine ina aice uaidh annsan é agus thugadh sé do dhuine eile é ag rádh an rainn, ráidte thuas. Dá mhúcfadh an birín i láimh duine cuirfí rud éigin anuas ar a dhrom, mar píosa iarainn, píosa móna nó stóilín, agus bíodh an rainn san ar siubhal le gach duine san am ceudna
    Is trom é, is trom é
    'S cad tá anuas ort?
    Bheadh sé ag deanamh iarachtaí d'fhághail amach cad a bheadh ar a dhrom agus fágfaí annsan go mbeadh an freagra ceart aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Paidrigín Ní Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Meall an Bhaird, Co. Chorcaí