School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)

Location:
Drom Cloch, Co. Chorcaí
Teacher:
Riobárd Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Page 401
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In-áiteanna ditheadh na daoine dhá bhéíle bidh agus in-áiteanna eile d'ithidís trí béilí. 'Sé an breicfeast agus an suipéar an dá bhéile nó an breicfeast, an dinnéar agus an suipéar na trí béilí. D'ithidís an breicfeast timcheall ar a h-ocht a chlog agus an suipéar timcheall ar a sé um thráthnóna. Bhíodh an dinnéar ann timcheall ar meadhon lae.
    Ba ghnáthach leis na daoine obair a dhéanamh roimh an gcéad bhéile ar maidin san Samhradh. Bhídís ag baint féir agus sa bhFóghmhair bhídís ag baint prátaí.
    Sé an biadh a bhíodh ag na daoine ná prátaí nó min-bhuidhe i gcóir an chéad bhéile agus prátaí igcóir an t-suipéir. Do h-óltaí a lán bainne, bainne reamhar beirbhighthe don gcuid is mó.
    Do bhíodh arán uaireanta - déánta de min-bhuidhe nó de phráaí. Uaireannta bhíodh arán speisialta aca ar a dtugtaí "Staimpí." Deintí é de phrátaí; do bristí na prátaí 'na mion-chodanna agus do fágtaí iad i bpíosa éadaigh. Ansan do beirbhightí iad os cionn teine móire.
    Bhíodh an bórd ar crochadh leis an bhfalla nuair ná bíodh béile ar siubhal.
    In-áiteannaibh freisin bhíodh prátaí agus bainne géar ages na daoine i gcóir an bhreicfeasta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Language
    Irish