Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Riobárd Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comharthaí ar athrú na h-Aimsire:-
    Na spéartha dearg suas - feathrainn agus fuacht;
    Na spéartha dearg soir - sneachta go glúin fir;
    Na spéartha dearg siar - triomlach agus grian;
    Na spéartha dearg síos - feathrainn agus gaoth. I
    Tráth bíonn sé dearg thoir ar maidin, sin comhartha báistighe is gaoithe,
    Tráth bíonn sé dearg thiar ag luighe na gréine, sin comhartha lae áluinn ar na bhárach.
    Tráthnóna dearg is maidin glas, comhartha d'áilneacht is teas.
    Ceó
    Ceó soininne ar aibhnigh, ceó doininne ar chnocaibh,
    Ceó i ndeire na gealaighe, feathrainn i ndeire an lae.
    Tuar ceatha ar maidin, cioth am tráthnóna.
    Samhradh ceódhach; Earrach reodhach; Foghmhar grianmhar; Earrach rian-fhliuch.
    Sean-fhocla a bhaineas leis an aimsir:-
    Níor chuaidh stoirm thar Domhnach riamh ná rabhartha thar Chéadaoin.
    Gach 're lá ó lá le Brighde amach.
    Báisteach ó Dhia chúghainn ach gan é bheith fliuch.
    Agus cuid an lae 'máraigh go ndéanaidh sé anocht.
    Ní bheidh sé ag báistigh i gcomnuidhe.
    Bíonn ceann dubh ar gach Earraigh.
    Nodlaig grianmhar a dheineann roilig bhiadhmhar
    Ní thig an fuacht go dtig an t-Earrach .
    Is maith an cáirde lá fada Samhraidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge