Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Riobárd Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”
  4. XML “Céadagáin agus Bird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gobán Saor leis an mac dul in-áirde ar an gCloigtheach agus bradán mó doo chur ar crochadh ann.
    Do chuaidh an mac in-áirde fhé mar a dubhradh leis ach do thuit sé síós agus marbhuigheadh ar an nóímeat é. DO chuaidh an t-athair féin in áirde ansan agus do chuir sé an bradán ar crochadh ar bhínn an Chluigthigh mar a bhfuil sé le feiscint go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Roinnt bliadhan ó shoin bhí fear 'na chomhnuidhe i n-aice le baile mór Beanntraighe. Feirmeóír do'b eadh é agus bhí feirm cuibheasach maith aige. Bird an t-ainm a bhí ar fhear bailighthe cíós an cheanntair an t-am sin agus bhí sé 'na chomhnuidhe i mBeanntraighe. Ó Céadogáín a b'ainm don bhfeirmeóír. Tháinig mí-ádh éigin ar Ó Céadogáín agus níór bh'fhéídir leis an cíos do dhíól. Táinig na báillí agus do cuireadh an Céádogánach as seilbh a chuid talmhan.
    Chuaidh sé chun comhnuidhe le feirmeóír eile sa chomursanacht agus d'fhan leis go ceann tamaill. Fé dheire d'éírig sé tuirseach den saoghal sin agus chuaidh sé ar ais chun comhnuidhe ar a fheirm féín. Tháinig na báillí airí agus do caitheadh as an bhfeirm an tarna h-uair é. Chuaidh sé ar ais airí agus do caitheadh amach airís é. DO chuir an báille an teach tré theine ansan agus dóígheadh chun na talmhan é.
    Lá Aonaigh na Muc i mBeanntraighe,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sighle Áine Bean Uí h-Airtnéada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Drom Cloch, Co. Chorcaí